Copy of Copy of SeaHydra - As Gaeilge

100% Eastósc Comhdhlúite Feamnaí Orgánaice 

I measc na riandúl a fhaightear inár n-eastósc feamnaí SeaHydra, tá maignéisiam, potaisiam, sinc,

iarann agus nítrigin—iad go huile tairbheach do phlandaí. Mar shampla, tá nítrigin riachtanach i
dtáirgeadh níotráit, comhpháirt thábhachtach atá de dhíth ar phlandaí le linn fótaisintéis. I ndiaidh
cóireáil feamnaí, tomhaiseadh an táirgeacht fheabhsaithe i bprátaí, arbhar milis, piobair, trátaí, úllaí,
sútha talún, ocraí agus oráistí.


Hormóin Thábhachtacha Plandaí san
Tá comhpháirt thábhachtach eile sna leasacháin d’fheamnach leachtach, sé sin na hormóin. Is iad na
príomh-hormóin atá san fheamnach ná áicsin, cíticininí, béitíní agus gibrilin. Tá na hormóin seo iontach

tábhachtach do shláinte na bplandaí. Níl an chuid is mó díobh seo de dhíth ach i gcoibhneas iontach
beag ach tá siad tábhachtach mar sin féin.

Sign up to get the latest on sales, new releases and more…